Pádraic Ó Conaire, RIP

Is maith an ríomhaire a thomhaisfeadh cén tionchar atá , a bhí agus a bheas ag obair Phádraic Uí  Conaire ar chúrsaí Chumann Lúthchleas Gael na Gaillimhe.
Tá sé 40 bliain ó bhí fís aige a d’fhágfadh deis ag buachaillí agus ag cailíní óga i gConamara suim a chuir sa bpeil, san iománaíocht agus sa liathróid láimhe agus cóitseálaithe cáilithe a chur i mbun a dteagasc.
Chomh tábhachtach céanna ina phlean, bhí gur í an Ghaeilge a bheadh in úsáid san obair seo ar fad. Bhí sé dílis don sprioc sin go bhfuair sé bás. An tinneas féin níor chuir srian air – go deimhin is féidir a rá go mba níos diongbhálta a d’éirigh sé dá bharr.
Cúpla bunscoil i gConamara a bhí faoina chúram ag an tús, ach d’fhág díogras agus fuinneamh Phádraic gur mhéadaigh sin in aghaidh na bliana nach mór. Tháing meánscoileanna faoina chúram agus le bunú Chlár na gCluichí Gaelacha i 2008, níorbh fhada go raibh daltaí ó Anach Cuain siar go dtí an Aird Thiar agus ar thrí Oileán Árann á n-oiliúint.
Inniu tá an scéim ag cur oiliúna ar fáil do 1,200 dalta in aghaidh na seachtaine in 11 Meánscoil agus 33 bunscoil.  Ta an  oiread sin reatha ar an bplean gur tosaíodh ag déanamh aithrise air i chuile cheard den tír.
In imeacht cúpla bliain bhí toradh na hoibre le feiceáil go soiléir, ógánaigh agus daoine fásta ón Iarthar ag baint amach áite dóibh fhéin ar fhoirne na Gaillimhe. Sna ocht mbliana roimh thús an Chláir (2000-2008)  ba 14 peileadóir as clubanna na Gaeltachta a tharraing geansaithe an chontae orthu féin i ngrádanna na mionúir, faoi 21 agus sinsear. Sna hocht mbliana a lean rinne 46 peileadóir amhlaidh.
Tháinig roinnt mhaith díobh siúd a bhí ar phainéil na Gaillimhe nuair a bhuaigh siad Corn Mhic Gudhir i 1998 agus 2001 faoina thionchar freisin.
Níos deireanaí ná sin,  faoi dhó a bhí  pheileadóirí Gaeltacha  ina gcaptaein ar fhoirne mionúr an chontae, duine eile fós mar chaptaen na foirne nuair a bheadh Craobh Faoi 21 na hÉireann agus  Árannach ina chaptaen ar fhoirne Ted Webb agus na Mionúr.
Ní mba beag an bhaint  a bhí ag fís Phádraig Uí Chonaire leis an méid sin.
Peileadóir den scoth ar ndóigh ab ea Pádraic féin. Ní bheadh bonn Chraoibhe Mionúir na hÉireann aige (1976) mura go mba ea, ná go deimhin bonn Shraithe Náisiúnta le sinsir na Gaillimhe (1981), Craobh Shinsir Chonnacht (1984)  ná boinn Faoi 21 an Chúige (1979).
Ar feadh an ama sin freisin agus i bhfad ina dhiaidh  bhí sé lárnach ar ndóigh i chuile rud beo a bhain lena chlub, Naomh Anna, Leitir Móir, as a raibh sé chomh bródúil.
Comhbhrón lena bhean, lena chlann, a gharchlann, a mhuintir ar fad agus go deimhin le pobal CLG na Gaillimhe.
Beannacht Dé leat a chara dílis.
Mártan Ó Ciardha
Cathaoirleach
Clár na gCluichí Gaelacha 2025