News

Imeachtaí Scór na Gaillimhe 2020

 

Bhí an-ócáid againn le déanaí ag Babhta Ceannais Scór na n-Óg san INEC i gCill Áirne, Co. Chiarraí. Bhí na sluaite daoine óga ó cheann ceann na tíre ag iomaíocht in aghaidh a chéile.
Rinne Uachtarán Chumann Luthchleas Gael, Seán Ó hÓráin, comhghairdeas le gach duine a ghlac páirt agus labhair sé faoi thábhacht Scór i gCumann Lúthchleas Gael. Dúirt se freisin go raibh sárlá siamsaíochta ann.
Bhí iontrála againn sna comórtaisí éagsúla Tráth na gCeist, Amhránaíocht Aonair, Bailéad Ghrúpa agus Rince Seit freisin. Bhaineadar uilig taitneamh 's sásamh as an lá agus beidh na daoine óga ar ais arís níos láidre an bhliain seo chugainn le cúnamh Dé. Bhí ríméad orainn go léir nuair a bhronntar an corn ar rinceoirí Mhainistir Chnoc Muaidhe. Bhí atmaisféar corraitheach le mothú san amharclann agus bhí an bua chomh tuillte dóibh!

Is iad seo a leanas seaimpíní na hÉireann Rince Seit, Scór na nÓg 2020, Mainistir Chnoc Muaidhe. Ard-mholadh dóibh, tá an-éacht bainte amach acu is táim cinnte go bhfuilidís fós ag ceiliúradh agus cén fáth nach mbeadh?!

Ná déanaigí dearmad go mbeidh comórtas Scór Sinsir ar siúl ag deireadh na míosa seo 29ú Feabhra san óstán Raheen Woods, Baile Átha an Rí. Má tá suim agat páirt a ghlacadh ann ní gá ach dul i dteagmháil linn ar ár lth. nua 'Scór agus Imeachtaí CLG na Gaillimhe' ar líne ar Facebook.

Le gach dea-ghuí,
Coiste Scór na Gaillimhe 2020

All Ireland Set Dancing Champions Mainistir Chnoc Maigh Gaillimh

All Ireland Set Dancing Champions Mainistir Chnoc Maigh, Gaillimh

Nathan Conway, Evan Loughnane,  Kevin Brogan, Cathal Fahy,  Emily Greaney, Laura Duggan,  Emma Harte Geasley, Lauren Kelly.

Latest Tweets

RT @officialgaa: GAANOW has the action from Walsh Park as @WaterfordGAA overcame @Galway_GAA in a lively #AllianzLeageus clash! https://t.c…
RT @ConnachtGAA: 🏐 Very hectic morning here at the Connacht GAA Centre, great to have all 6 pitches on the go for games of all ages and gra…
RT @CoachingGalway: Final Night of our @Galway_GAA Award 1 Youth/Adult Course in Hurling & Football this evening in Galway Community Colleg…
RT @CoachingGalway: 3 @Galway_GAA players on the @officialgaa Team of the Week. Well done Seán Kelly, Ronan Steede + Shane Walsh after thei…
RT @galwayschool1: 😊Reaction Games with Galway’s Johnny Heaney! What concentration!! What action & fun! #GaillimhAbú @CoachingGalway @Activ…